Ranga Teanga
Dánta
Rólaí Pólaí
Rólaí Pólaí, Rólaí Pólaí,
Suas, suas, suas,
Rólaí Pólaí, Rólaí Pólaí,
Síos, síos, síos.
Rólaí Pólaí, Rólaí Pólaí
Amach, amach, amach,
Rólaí Pólaí, Rólaí Pólaí
Isteach, isteach, isteach.
Rólaí Pólaí, Rólaí Pólaí
Go mall, go mall, go mall.
Rólaí Pólaí, Rólaí Pólaí
Go tapaidh, go tapaidh, go tapaidh!
Nigh mé Róisín
Nigh mé Róisín, tá sí go deas,
Nigh mé Róisín, tá sí go deas,
Nigh mé a lámha, a haon a dó,
Nigh mé a cosa, gheo, hó, hó.
Timpeall Timpeall
Timpeall, timpeall, rothaí an chairr.
Timpeall, timpeall, rothaí an chairr.
Timpeall, timpeall, rothaí an chairr.
Rothaí ag casadh timpeall.
Bíp, bíp, bíp, ag adharc an chairr.
Bíp, bíp, bíp, ag adharc an chairr.
Bíp, bíp, bíp, adharc an chairr.
Géilligí don bíp, bíp.
Is Maith Liom é
Ag siúl, ag siúl, is maith liom é,
Is maith liom é,Is maith liom é,
Ag siúl, ag siúl, is maith liom é,
O, bí ag siúl liomsa.
Ag rith, ag rith, is maith liom é,
Is maith liom é, is maith liom é,
Ag léim, ag léim, is maith liom é
O, bí ag siúl lioms
An Traein
Mise an traein, puff, puff, puff,
Mise an madra, bhuf, bhuf, bhuf,
Mise an bus, bíp,bíp,bíp,
Mise an sicín, tsíp,tsíp,tsíp.
Lámh Lámh Eile
Lámh, lámh eile, a haon a dó,
Cos, cos eile, a haon a dó,
Súil, súil eile, a haon a dó,
Cluas, cluas eile, a haon a dó,
Ceann, srón, béal, smig,
Agus fiacla bána im’ bhéal istigh
Tá Teidí bocht tinn
Tá Teidí bocht tinn,
Tá Teidí bocht tinn,
Hé hó, mo Dhaidí ó,
Tá Teidí bocht tinn.
Cúig Bliana
(Happy birthday)
Cúig bliana inniu,
Cúig bliana inniu,
Cúig bliana,cúig bliana,
Cúig bliana inniu.
Cá bhfuil __________?
( Frére Jacques )
Cá bhfuil __________?
Cá bhfuil __________?
Tá mé anseo, Tá mé anseo
Agus conas atá tú?
Agus conas atá tú?
Tá mé go maith
Tá mé go maith.
Cá bhfuil __________?
Cá bhfuil __________?
Níl sé/sí anseo
Níl sé/sí anseo
Tá sé sa bhaile
Tá sé sa bhaile
Tá sé tinn. Tá sé tinn.
Dún do lámha
Dún do lámha, Oscail do lámha,
Dún is oscail arís.
Dún do lámha,Oscail do lámha,
Dún is oscail arís.
Hé hó, mo Dhaidí ó
Tá Teidí ag siúl,
Tá Teidí ag siúl,
Hé hó, mo Dhaidí ó,
Tá Teidí ag siúl.
Tá Teidí ag rith,
Tá Teidí ag rith,
Hé hó, mo Dhaidí ó,
Tá Teidí ag rith.
Tá Teidí ag ól,
Tá Teidí ag ól,
Hé hó, mo Dhaidí ó,
Tá Teidí ag ól.